Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An céad slánaithe inniu ag David Attenborough

08 MAY 2026, 14:23

David Attenborough, chomh fiosrach inniu is a bhí riamh
X Facebook

Tá breithlá 100 bliain d'aois á cheiliúradh inniu ag an bpearsa mór comhshaoil agus fiadhúlra,David Attenborough.

Tá aithne ag an saol mór ar an bhfear seo ón mBreatain a bhuíochas dá chuid cláracha teilifíse ar nach mór gach aon ainmhí agus éan ar dhromchla na cruinne.

Le seachtú bliain, tá David Attenborough ag saothrú lena cheamara i ndufair agus i bhfiántais an domhain, a ghlór sainiúil ag tabhairt a léargas féin ar shlite maireachtála na gcréatúr seo uilig, go háirithe iad siúd atá i mbaol díobhaidh.

Ceann de na príomhtheachtaireachtaí atá ag an Uasal Attenborough le blianta is ea an bhail atá téamh na cruinne a fhágáil ar an nádúr agus go bhfuil an réiteach ag brath ar an gcine daonna.