Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Réiteach á dhéanamh do phaisinéirí an MV Hondius

09 MAY 2026, 20:08

An MV Hondius amach ó Cape Verde san Atlantach-Íomhá ó Getty
X Facebook

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis eatramhach, an tOllamh Mary Horgan go bhfuil obair mhór déanta lena chinntiú go mbíonn coraintín sábháilte ann do bheirt phaisinéirí ón tír seo atá ar bord na loinge pléisiúrtha, an MV Hondius.

Bhí an tOllamh Horgan ag labhairt i gContae Cheatharlach, áit a bhfuil sí ag freastal ar Chomhdháil Chumann na bPoitigéirí.

Mary Horgan attending the IPU conference
An tOllamh Mary Horgan

Tá súil leis an long i Tenerife amárach, ceann de na hOileáin Chanáracha atá faoi dhlínse na Spáinne.

Tá na paisinéirí, suas le 150 san iomlán le haistriú ansin ón long agus le cur ar bord eitleáin ar ais chuig a dtíortha féin.

Dearbhaíodh tráthnóna gurbh é an t-eitleán Rialtais a chuirfear anonn leis na paisinéirí Éireannacha a bhailiú.

Tá an Rialtas ag cur bailchríoch lena chuid pleananna agus i mbun cainteanna le Rialtas na Spáinne.

Tá scéal an MV Hondius i mbéal an phobail ó tháinig an fhadhb chun solais ar an long suas le mí ó shin.

Bhí sí ag déanamh a bealach aneas ón Airgintín, tír ar cuireadh tús lena haistir ar an 1ú Aibreán.

Ráig den hantavíreas a scaip i measc na bpaisinéirí ar an long agus ar chúis bháis do thriúr, lánúin ón Ísiltír agus bean ón Ghearmáin.

Tá roinnt paisinéirí eile fós fágtha go dona tinn.

De réir na dtreoirlínte ón lár ionad san Eoraip mairfidh an tréimhse coraintín suas le 45 lá.

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Sláinte Domhanda (WHO) go bhfuil baol an víris do shláinte an phobail an-íseal agus gur mór idir é agus ráig den Covid.

Bhí an méid céanna le rá ag Aire Sláinte na tíre seo,Jennifer Carroll McNeill níos túisce tráthnóna.

Mar sin féin beidh ceannasaí an WHO i Tenerife amárach lena chinntiú go ndéantar gach rud mar is ceart.