Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bagairt láidir i gcónaí sa Mheánoirthear

09 MAY 2026, 20:10

Soithigh thrádála ina steig meig i gCaolas Hormuz
X Facebook

Tá an sos lámhaigh leochaileach i murascail na Peirse i mbaol go láidir i gcónaí a bhuíochas de fhórsaí na hIaráine agus Mheiriceá ag tabhairt aghaidh ar a chéile go bagrach.

Tá an dá thaobh ag cur an mhilleáin ar a chéile maidir le sárú an tsosa lámhaigh agus an bac ar longa trádála i gCaolas Hormuz ina chnámh spairne láidir.

Deir lucht faisnéise de chuid na Stát Aontaithe go bhféadfadh an Iaráin bac na Meiriceánach sa chaolas a sheasamh ar feadh roinnt míonna.

Rescue operation under way in southern Lebanon following Israeli strike
An Liobáin ag teacht faoi ionsaí i gcónaí

10 seachtainí ó shin anois a chuir na Stáit Aontaithe agus Iosrael tús le feachtas míleata in aghaidh na hIaráine.

Tá an chogaíocht i ndiaidh teannas a chothú idir baill NATO san Eoraip agus Meiriceá.

Tá moltaí agus litreacha á gcur anonn is anall faoi láthair i dtaca le deireadh a chur leis an gcogaíocht ach is críonna an té a déarfadh cén toradh a bheidh orthu.

Ní tada níos fearr a thuairiscítear sa Liobáin, áit a dtuairiscítear an sos lámhaigh ansin a bheith go mór i mbaol freisin.

Maíonn na húdaráis sa Liobáin gur maraíodh seachtar eile inniu in ionsaithe ó fhórsaí Iosrael, tá Iosrael ag maíomh gur scaoil treallchogaithe Hezbollah diúracáin le bunáiteanna míleata in Iosrael.

Díol mór imní is ea go bhféadfadh na coimhlintí seo ar fad sa gcuid sin den domhan scaipeadh níos leithne agus tíortha eile sa chomharsanacht a tharraingt isteach i gcogadh mór leanúnach.

D'fhéadfadh drochimpleachtaí a bheith ann freisin don soláthar ola,go bhféadfadh an táirgeadh daoirsiú tuilleadh agus margaí domhanda a bheith thíos leis.