I gCraobh Iomána na Mumhan d'éirigh le Corcaigh Port Láirge a chloí as baile. I gCraobh Laighean d'éirigh le Baile Átha Cliath agus Gaillimh a gcluichí a bhuachan sa 3ú sraith cluichí den chomórtas sin.
4 chúilin a bhí le spáráil ag Corcaigh ar fhir na nDéise i bPáirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge.
Cluiche dian go maith a bhí ann, féadfaidh Corcaigh a bheith buíoch dá gcúl báire,Patrick Collins nuair a rinne sé an-shábháil agus 3 nóiméad den 70 nóiméad fágtha.
Choinnigh sin Corcaigh chun cinn agus bhuaigh siad ar deiridh 1-26 in aghaidh 0-25.
Seans maith anois go bhfeicfear Corcaigh i gCluiche Ceannais Iomána na Mumhan arís i mbliana.
Tháinig Gaillimh ar ais sa dara leath le Cill Dara a chloí agus bhí 5 phointe ag Baile Átha Cliath ar Loch Garman.
B'iad na cúil ó Chian O'Sullivan agus David Purcell sa chéad leath a chinntigh an lá do na 'Dubs' chomh maith le sár-imirt sna cúlaithe ón sean-fhundúir sin,Liam Rushe.
2-21 in aghaidh 0-22 a chríochnaigh an cluiche sin i bPáirc Chadwick i Loch Garman.
Bhí Gaillimh 10 gcúilín chun deiridh ag leath-am ina gcluiche siúd thíos sa Droichead Nua i gCill Dara.
D'fheabhsaigh siad as cuimse sa dara leath agus bhuaigh ar deiridh 4-22 in aghaidh 1-22.
Imreoidh Cill Chainnigh agus Uíbh Fhailí a chéile amárach sa gcluiche eile craoibhe i gCúige Laighean.


