Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Damáiste mór déanta ag tine d'fhoirgneamh i bPort Láirge

10 MAY 2026, 16:53

Fir dhóiteáin ag iarraidh dul i ngleic leis an tine
X Facebook

Tá droch-bhail fágtha ag tine ar fhoirgneamh in ionad gnó i gCathair Phort Láirge.

Tá an tine a tharla i gceantar Ascaill an Tí Chorr sa chathair faoi smacht anois.

Díol imní d'úinéirí ghnólachtaí an damáiste a d'fhéadfadh a bheith déanta do fhoirgnimh eile san ionad.

Tuairiscítear nár gortaíodh aon duine de thoradh na tubaiste seo a tharla i seanmhonarcha Jute.

Bhí lasracha na tine chomh hard ag tráth amháin go bhfacthas iad ón seastán i bPáirc an Bhreathnaigh, áit a raibh an cluiche iomána ar bun idir Port Láirge agus Corcaigh.

Chaith aonaid dóiteáin ó Chathair agus ó Chontae Phort Láirge chomh maith le Cill Chainnigh cuid mhaith den oíche ag iarraidh an tine seo a smachtú.

Tá scéal na tine á fhiosrú, iarrtar ar an bpobal áitiúil an t-ionad a sheachaint go ceann tamaill eile, doirse agus fuinneoga aon teach in aice láimhe a choinneáil dúnta ar eagla aon ábhar nimhiúil a sceitheadh ón ionad.