Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Ros Comáin ag ceiliúradh i gConnacht

10 MAY 2026, 17:17

Darragh Heneghan, laoch an chluiche ag scóráil an 3ú cúl do Ros Comáin
X Facebook

Is iad Ros Comáin seaimpíní na craoibhe peile i gConnacht i ngrád na sinsear.

Chloígh siad Gaillimh i bPáirc de hÍde tráthnóna leis an scór 3-21 in aghaidh 2-22.

Ciallaíonn an toradh nach ann don 5 chraobh cúige as a chéile do na Gaillimhígh.

Cluiche dian drámatúil a bhí ann, agus bhí cosúlachtaí ann ar feadh tréimhsí fada go mbeadh an lá le Gaillimh, go háirithe nuair a scóráil Damien Comer an dara cúl dóibh.

Roscommon , Ireland - 10 May 2026; Damien Comer of Galway celebrates after scoring his side's second goal during the Connacht GAA Football Senior Championship final match between Roscommon and Galway at King & Moffatt Dr Hyde Park in Roscommon. (Photo By Ben McShane/Sportsfile via Getty Images)
'Is linn anois é'. Nó sin a cheap Damien Comer ag scóráil an chúil do na Gaillimhígh

Sin go dtí go bhfuair Ros Comáin a dtriú cúl amach go maith sa dara leath.

Bhí momentum ansin ag na 'Rossies' ag cinntiú a gcéad chraobh i gConnacht ó 2019.

An-bhliain craoibhe atá inti do Ros Comáin go dtí seo mar gurb iad na seaimpíní san iarthar iad freisin i ngrád na mionúr agus sa ghrád faoi 20.

Agus beidh siad ag súil go leanfaidh a rath amach sa Samhradh.

' />