Tá sé ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna ag feidhmiú mar is gnách mar go bhfuil oibrithe ó na ceardchumainn SIPTU agus Unite ag obair de réir rialach inniu.
Is achrannaí fós a bheas an scéal amárach, tráth a rachaidh an 2,000 oibrí ar stailc lae mar gheall ar an aighneas ar cúrsaí pá is siocair leis.
Thug an Fheidhmeannacht le fios go bhfuil moill inniu ar theacht i gcabhair ar dhaoine tinne nach bhfuil a mbeatha i mbaol.
Dúradh, más ea, go bhfuil plean curtha i bhfeidhm lena chinntiú go gcuirfear seirbhís ar fáil do dhaoine is tinne – leithéidí daoine a mbuaileann taom croí iad agus daoine a ghortaítear i dtimpistí.
Iarrtar ar dhaoine eile atá breoite dul chuig a ndochtúir teaghlaigh nó chuig clinic eile.
Deir na ceardchumainn gur scannal é nach bhfuil moltaí maidir le scálaí pá a rinneadh i dtuarascáil neamhspleách sé bliana ó shin, nach bhfuil siad curtha i bhfeidhm fós.
Chomh maith leis an obair de réir rialach inniu agus an stailc amárach, tá sé beartaithe ag na hoibrithe dui i mbun ghníomhaíocht tionsclaíoch arís Dé Máirt seo chugainn agus an Mháirt ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


