Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

40 áitreabh gnó dúnta mar gheall ar dhóiteán mór i bPort Láirge

11 MAY 2026, 11:24

Rinneadh damáiste mór do 40 áitreabh in ionad gnó an Tí Choirr de bharr an doiteáin
X Facebook

Tá measúnú á dhéanamh ó mhaidin inniu ar mhéid an damáiste a rinneadh do ghnóthais agus do sheirbhísí eile mar gheall ar dhóiteán mór a tharla sa Tigh Corr i gcathair Phort Láirge ar an deireadh seachtaine.

Thosaigh an tine tráthnóna Dé Sathairn sa tseanmhonarcha siúite atá díomhaoin ó 1974 agus leath na lasracha go mear go háitribh eile sa cheantar gnó céanna.

Tuigtear gur scriosadh suas le 40 den 50 gnóthas atá bunaithe san áit agus dealraíonn sé nach mbeidh siad in ann oscailt arís.

Tá thart ar 200 duine ag obair sa cheantar gnó, daoine nach raibh aon áit oibre le dul acu ar maidin.

Fire in Tycor area of Waterford City 2
Lucht dóiteáin ag dul i ngleic leis na lasracha

Chomh maith leis na gnóthais agus na grúpaí pobail éagsúla atá bunaithe sa cheantar agus atá thíos leis, tá seirbhís le Bráithre na Carthanachta.

Seirbhís do dhaoine fásta a bhfuil míchumas intleachtúil orthu atá i gceist, thart ar 30 duine a bhfuiltear ag féachaint le hionad nua a aimsiú dóibh go práinneach.

An tAire Stáit Mary Butler, ar Teachta Dála i bPort Láirge í, thug sí le fios gur labhair sí leis an Taoiseach inné faoin tubaiste agus dúirt gur gheall seisean go mbunófaí scéim cabhrach daonnúla do na daoine atá fágtha ar an ngannchuid dá bharr.

Ní fios fós cad ba chúis leis an tine ach ba mhór an dúshlán é ag lucht dóiteáin as stáisiúin éagsúla i bPort Láirge agus i gCill Chainnigh dul i ngleic leis na lasrachra a deirtear a bhí chomh hard le dhá mhéadar déag in amanna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ