Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nach bhfuil "glacadh dá laghad" aige le moltaí síochána ón Iaráin ar freagra iad ar a chuid moltaí síochána féin.
Mhol Trump deireadh a chur leis an gcogaíocht sula dtabhfarfaí faoi chomhráite maidir le ceisteanna conspóideacha eile, clár núicléach na hIaráine ina measc.
D'fhreagair na hIaránaigh agus mhol siadsan deireadh a chur leis an gcogaíocht ar fad sa réigiún, an Liobáin san áireamh, agus deireadh a chur leis an léigear atá cabhlach Mheiriceá a dhéanamh ar Chaolas Hormuz.
D'iarr siad freisin cúiteamh ar an scrios atá déanta don Iaráin ag Meiriceá agus ag Iosrael, deireadh a chur le smachtbhannaí agus aitheantas a thabhairt do fhlaitheas na hIaráine i gCaolas Hormuz.
Ní dúirt Trump ach nár thaitin na moltaí sin leis agus nach raibh aon ghlacadh aige leo.
Dhaoirisgh ola ar na margaí idirnáisiunta ar fhoilisú freagra Trump.
Beagnach $104 dollar an bairille an praghas atá ar amhola Brent ó mhaidin, sin ardú de $4 ón Aoine.
Tá ardú de 40% tagtha ar phraghas ola ó thosaigh Meiriceá agus Iosrael ag cur cogaidh ar an Iaráin i ndeireadh Feabhra.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


