Tá sé deimhnithe ag na húdaráis sa Fhrainc go bhfuil an hantaivíreas ar bhean as an tír sin ar phaisinéir í ar an long chrúsála an Hondius a raibh ráig den ghalar uirthi.
Dúradh freisin go bhfuil an bhean an-dona tinn.
Bhí ceathrar eile as an bhFrainc ar an long agus cé gur cosúil nach bhfuil an galar ar aon duine acu sin faoi láthair tá tuilleadh tástálacha le déanamh orthu agus ar dhaoine eile a raibh teagmháil acu leo.
Slabhra scaipthe an víris a bhriseadh is mó is cás leis na húdaráis, a dúirt Príomh-Aire na Fraince Sebastien Lecornu.
Tá sé tugtha le fios ag na húdaráis sna Stáit Aontaithe chomh maith go bhfuil an hantaivíreas ar dhuine den seacht nduine dhéag as an tír sin a bhí ar an long chrúsála atá ar ancaire anois gar do Tenerife sna hOileáin Chanáracha.
I gceann na Fraince agus na Stát Aontaithe, tá saoránaigh as Éirinn agus as an Spáinn ar bhí ar an Hondius tugtha abhaile ag rialtais na dtíortha sin.
Tá sé ráite ag an Roinn Sláinte go bhfuil an bheirt bhan as Éirinn a tugadh abhaile ar eitleán leis an Aerchór aréir, go bhfuil siad i ndea-shláinte agus nach bhfuil aon cheann de shiomptóim an víris orthu.
Níltear cinnte de fós cá has ar tháinig an ráig go baileach ach táthar den bharúil gur ceann de na háiteanna i Meiriceá Theas ar thug na paisinéirí cuairt orthu an fhoinse bhunaidh.
Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil an hantaivíreas chomh tógálach le Covid-19 agus nach gá a bheith imníoch faoi ráig dhomhanda.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


