Tá sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil an hantaivíreas ar naonúr agus go bhfuil siomptóim an ghalair ar bheirt eile.
Tuigtear go mbaineann gach aon cheann den aon chás déag sin leis an long chrúsála an Hondius a raibh ráig den ghalar uirthi.
Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, dúirt sé nach é sin deireadh an scéil ar an drochuair agus gurb é is dóichí go n-éireoidh tuilleadh paisinéirí ón long sin tinn sna laethanta amach romhainn.
Os a choinne sin, arsa sé, níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go mbeidh ráig den ghalar in aon áit eile.
Os a choinne sin arís, áfach, a dúirt sé, ní féidir ráig eile a chur as an áireamh mar gur vireas é an hantaivíreas a tholgann faoi go ceann scaithimh sula dtagann barr forbartha air.
Comhairlíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte do dhaoine a bhfuil an galar orthu coraintín sé seachtaine a dhéanamh agus dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go bhfuil bunáite na dtíortha atá i gceist an uair seo ag cloí leis an gcomhairle sin.
An té atá i gceannas ar an Lárionad um Ghalair a Chosc agus a Rialú sna Stáit Aontaithe, Jay Bhattacharya, dúirt seisean, ámh, go mb'fhéidir nach gcuirfí an chomhairle chéanna i bhfeidhm sa tír sin.
Bhí beirt bhan as Éirinn i measc na bpaisinéirí a bhí ar bord an Hondius.
Tá siad sa bhaile anois agus deirtear go bhfuil siad i ndea-shláinte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


