Níl an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna ag feidhmiú go hiomlán inniu mar go bhfuil 2,000 oibrí sa tseirbhís ar stailc lae ón meán oíche aréir.
Daoine a dtagann tinneas orthu nó a n-imíonn óspairt orthu inniu, murar cás éigeandála é, iarrtar orthu cur san áireamh go mbeifear ag tabhart tús áite do dhaoine is tinne agus comhairlítear dóibh dul chuig a ndochtúir teaghlaigh nó chuig clinic eile.
Stiúrthóir Cliniciúil na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna, an tOllamh Cathal O'Donnell, dúirt sé gur lá an-dúshlánach don tseirbhís a bheas ann.
Teicneoirí éigeandála leighis, paraimhíochaineoirí, ard-pharaimhíochaineoirí, sain-pharaimhíochaineoirí agus stiúrthóirí paraimhíochaineoirí, tá siad ar fad ar stailc inniu mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí pá.
Baill de SIPTU agus Unite atá sna hoibrithe agus maíonn an dá cheardchumann sin nár chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i bhfeidhm fós moltaí maidir le scálaí pá a rinneadh i dtuarascáil neamhspleách sé bliana ó shin.
Cé go bhfuil cúraimí na n-oibrithe athraithe le fada, a deir na ceardchumainn, níl scálaí pá athraithe dá réir.
Malairt scéil atá ag an bhFeidhmeannacht, áfach, agus deir siadsan gur tháinig siad féin agus na ceardchumainn ar chomhaontú cheana i gcomhráite a reáchtáladh faoi choimirce an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.
Chomh maith le dul ar stailc inniu, bhí na hoibrithe ag obair de réir rialach inné, rachaidh siad i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch arís ar feadh dhá lá ón Máirt seo chugainn agus ar feadh trí lá ón Máirt ina dhiaidh sin.
Tá gníomhaíocht thionsclaíoch beartaithe acu an mhí seo chugainn freisin.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur comhráite agus comhaontú an t-aon bhealach leis an aighneas a réiteach agus thug sé le fios go mb'oth leis nach bhféadfadh daoine atá tinn brath ar an tseirbhís otharcharranna inniu.
Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane gur chóir don Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill labhairt leis na hoibrithe agus ar moladh sé bliana ó shin a chur i bhfeidhm.
Is léiriú é an scéal ar fad, dar leis, ar mhí-éifeachtacht an Rialtais ó thaobh fadhbanna i seirbhísí cúraim éigeandála na tíre a réiteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


