I gCúirt Chuarda Choiriúil Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall, gearradh cúig bliana príosúin ar fhear 55 bliain d'aois faoi thiomáint chontúirteach arbh é bás mná a thoradh.
Sin é Seán Connaughton, iarfhear dóiteáin as Ascaill na Dúleargadh, Dún Dealgan, i gCo Lú, ar bhuail a veain Laura Connolly, máthair 34 bliain d'aois, i Leifear i gCo Dhún na nGall oíche an 11 Iúil 2021.
Dúradh sa chúirt go raibh Laura Connolly ina luí i lár an bhóthair ag an am.
Bhí sí ag siopadóireacht i Leifear le haghaidh gúna pósta níos túisce an lá sin.
Níor stop Seán Connaughton ar láthair na tubaiste agus an lá dar gcionn a d'inis sé do na Gardaí gurbh é a bhí ag tiomáint an veain.
Bhí cosc tiomána ar Sheán Connaughton ag an am ó rugadh air an bhliain roimhe sin ag tiomáint gan árachas.
Ní raibh ceadúnas tiomána ná arachás aige oíche na tubaiste.
Phléadáil sé ciontach sna cúiseanna ar fad a cuireadh ina leith, mar atá, tiomáint chontúirteach arbh é bás duine a thoradh; gan feithicil a choimeád ar láthair timpiste; tiomáint gan cheadúnas agus tiomáint gan árachas.
Chomh maith leis na cúig bliana príosúin a gearradh ar Sheán Connaughton inniu cuireadh cosc tiomána air go ceann cúig bliana déag.
Ciontaíodh Seán Connaughton sna cúirteanna sé huaire dhéag cheana.
Taobh amuigh den chúirt, dúirt máthair Laura Connolly, Rosemary Connolly, go raibh sí croíbhríste agus nár cheap sí go bhfuair an teaghlach a gceart i dtaca leis an bpianbhreith a ghearr an chúirt ar an gciontóir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


