Bhí cruinniú i Sráid Downing ar maidin ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le duine dá airí rialtais a d'fhéadfadh teacht ina áit dá n-éireodh Starmer as oifig.
Sin é an Rúnaí Sláinte Wes Streeting atá ar dhuine de na hairí atá míshásta le Keir Starmer mar phríomh-aire agus mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre.
Tá brú millteanach ag teacht ar Starmer éirí as oifig ó bhuail an pobal dual na droinne ar Pháirtí an Lucht Oibre sna toghcháin a bhí ar siúl sa Bhreatain an tseachtain seo caite.
Níos lú ná 20 nóiméad a mhair an cruinniú a bhí aige le Wes Streeting, is cosúil, ar ghairid é mar chruinniú i bhfianaise na gceisteanna móra a shílfeá a bhí le cíoradh acu.
Níor fhreagair Wes Streeting ceisteanna ó nuachtóirí ar theacht amach as an gcruinniú dó.
Tá sé á thuairisciú ag nuachtán an Guardian nach bhfuil sé ar intinn ag Streeting faoi láthair dúshlán díreach Keir Starmer a thabhairt agus a ainm a chur chun cinn mar cheannaire úr.
Mar sin féin, is scéal ar lean atá ann agus tá na ceardchumainn atá bainteach le Páirtí an Lucht Oibre tar éis a ladar a chur ann.
I ráiteas, dúirt grúpa d'aon cheardchumann déag gur cheart tús a chur anois le próiseas le ceannaire nua a thoghadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


