Maraíodh bean 20 bliain d'aois i dtionóisc bhóthair a tharla i gCo Thiobraid Árann aréir.
Deir na Gardaí gur maraíodh an bhean nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar Bhóthar Dhrom Inbhir siar ó thuaidh den Aonach ag thart ar 9 a chlog.
Gortaíodh tiománaí an dara gluaisteán agus tá cóir leighis á chur air san ospidéal.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar láthair na timpiste agus tá siad ag achainí ar thiománaithe a mbeadh íomhánna ábhartha ó cheamara deaise acu iad a chur ar fáil dóibh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


