Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Noravíreas ar long chrúsála sa Fhrainc, paisinéir básaithe

13 MAY 2026, 14:30

Is as Éirinn agus as an mBreatain bunáite na bpaisinéirí atá ar bord na loinge
X Facebook

Tá ordú tugtha ag na húdaráis i gcalafort Bordeaux sa Fhrainc don tuairim is 1,700 duine atá ar long chrúsála atá ar ancaire ansin fanacht ar bord an tsoithigh go fóill tar éis do dhuine de na paisinéirí bás a fháil le noraivíreas, de réir cosúlachta.

Cineál gaistreintrítis atá sa noraivíreas atá an-tógálach agus arb iad urlacan agus buinneach na siomptóim is suntasaí.

Is as Éirinn agus as an mBreatain bunáite an 1,233 paisinéir atá ar bord na loinge agus is criú atá sa chuid eile.

Is le Ambassador Cruise Line an long atá ar ancaire in Bordeaux ó inné.

90 bliain d'aois a bhí an paisinéir a fuair bás agus tá thart ar leathchéad eile tinn agus siomptóim an noraivíris orthu.

D'fhág an long Sealtainn in Albain ar an 6 Bealtaine agus stop sí i mBéal Feirste, i Learpholl agus in Brest sular thug sí aghaidh ar Bordeaux.

Bhí sí le seoladh as sin go dtí an Spáinn sular fógraíodh an ghéarchéim sláinte.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ