Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Caint iarThaoisigh faoi inimirce 'míchuí' – Taoiseach

13 MAY 2026, 11:18

Micheál Martin agus Bertie Ahern
X Facebook

Tá sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin nach ionann dearcadh Fhianna Fáil ar chúrsaí inimirce agus an dearcadh is cosúil atá ag an iarThaoiseach ó Fhianna Fáil Bertie Ahern.

Baineann an scéal lena raibh le rá ag Bertie Ahern agus é i mbun canbhasála in éindí le hiarrthóir Fhianna Fáil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir John Stephens.

Beidh fothoghchán sa dáilcheantar sin seachtain ón Aoine beag seo.

I bhfiseán atá á chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta, deir Bertie Ahern go bhfuil imní air faoin líon inimirceach atá ag teacht isteach sa tír seo agus nach féidir le hÉirinn daoine ón gCongó ná an chéad ghlúin eile Moslamach a thabhairt isteach.

Deir an t-iarThaoiseach freisin gur cheart agus gur chóir d'Éirinn daoine ón Úcráin a thabhairt isteach mar gheall ar an gcogadh sa tír sin.

Dúirt Micheal Martin, áfach, go raibh caint Bertie Ahern '"míchuí", go háirithe an chaint a rinne sé ar eitneacht ar leith.

Níl sin ceart ná cóir, arsa an Taoiseach.

Dúirt sé gur chóir dúinn meas a bheith againn ar dhaoine in Éirinn ar de bhunadh eitneachtaí agus tíortha éagsúla iad.

Mhaígh an Taoiseach chomh maith go raibh an córas tearmainn in Éirinn "cothrom" agus go raibh "bonn láidir faoi".

Tá a ndúirt Bertie Ahern cáinte ag iarrthóirí eile san fhothoghchán.

Mhaígh Eoghan Ó Ceannabháin ó Phobal Roimh Bhrabús go raibh an chaint a rinne an t-iarThaoiseach "táir agus gráiniúil".

Tá sé ráite ag Bertie Ahern le RTÉ ó shin, más ea, nach bhfuil "aon deacracht aige le hinimircigh" agus go dtacaíonn sé leis an gcóras tearmainn in Éirinn agus le polasaithe an Aire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan ina leith.

Dúirt sé freisin le RTÉ gur "chuid de chomhrá ab fhaide" a bhí sa mhéid atá á chraobhscaoileadh ar na meáin shóisialta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ