Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i mBéising le haghaidh comhráite cinniúnacha idir é féin agus Uachtarán na Síne Xi Jinping faoi cheisteanna móra idirnáisiúnta.
Cúrsaí trádála is mó is cás le Trump, is cosúil, agus rún aige, a deir sé, iarraidh ar Xi margadh na Síne a oscailt do ghnólachtaí Meiriceánacha.
Tá príomhfheidhmeannaigh cuid de na gnólachtaí atá ar intinn ag Trump tugtha aige in éindí leis go Béising – Elon Musk ina measc – le súil na Sínigh a mhealladh.
I gceann cúrsaí trádála, pléfidh Trump agus Xi an cogadh san Iaráin agus na hairm a dhíolann na Stáit Aontaithe leis an Téaváin, an t-oileán a gcreideann an tSín gur léi é ó cheart ach a dtacaíonn na Meiriceánaigh leis an rialtas neamhspleách ann.
Mar leis an Iaráin, tuigtear go bhféachfaidh Trump le cur ina luí gaidhte ar Xi teacht ar chomhaontú leis faoi dheireadh a chur leis an gcoimhlint.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


