Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Ceist na Téaváine is mó is cás leis an tSín' – Xi

14 MAY 2026, 09:35

Comhráite cinniúnacha idir Xi agus Trump i bpríomhchathair na Síne, Béising
X Facebook

Tá sé curtha in iúl ag Uachtarán na Síne Xi Jinping d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gurb í ceist na Téaváine an cheist is tábhachtaí sa chaidreamh idir an dá thír.

Tá an bheirt fhear tagtha le chéile i bpríomhchathair na Síne, Béising, le haghaidh comhráite cinniúnacha faoi cheisteanna móra idirnáisiúnta.

Ag fáiltiú galánta i Halla Mór an Phobail i mBéising, dúirt Xi le Trump go bhféadfadh an dá thír dul in adharca a chéile dá láimhseálfaí ceist na Téaváine go ciotach.

Creideann an tSín gur léi an Téaváin ó cheart ach tacaíonn na Meiriceánaigh leis an rialtas neamhspleách ar an oileán agus soláthraíonn siad airm don rialtas ansin.

Cúrsaí trádála is mó is cás le Trump, a deir sé, agus i bpreasráiteas ó thaobh na Síneach, dúirt Xi go raibh "toradh cothrom agus dearfach tríd is tríd" ar na comhráite a bhí ag an dá thaobh faoin gceist sin.

Tá Trump ag iarraidh ar Xi margadh na Síne a oscailt do ghnólachtaí Meiriceánacha.

Tá príomhfheidhmeannaigh cuid de na gnólachtaí atá ar intinn ag Trump tugtha aige in éindí leis go Béising – Elon Musk ina measc – le súil na Sínigh a mhealladh.

Mar leis an gcogadh san Iaráin, tuigtear go bhféachfaidh Trump le cur ina luí ar Xi teacht ar chomhaontú leis faoi dheireadh a chur leis an gcoimhlint.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ