Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ábhar aispeiste faighte i smionagar dóiteáin i bPort Láirge

14 MAY 2026, 12:21

Thosaigh an tine sa tseanmhonarcha siúite i gceantar an Tí Choirr tráthnóna Dé Sathairn seo caite
X Facebook

Fuarthas ábhar aispeiste i gcuid den smionagar ón dóiteán mór a tharla sa tseanmhonarcha siúite sa Tigh Corr i gcathair Phort Láirge an deireadh seachtaine seo caite.

Tá an t-ábhar aispeiste tugtha chun bealaigh agus ní feasach aon chuid di a bheith sceite san aer.

Níl aon dochar láithreach in aispeist má tá sí iata go dlúth san ábhar ar cuireadh ann í ar an gcéad dul síos.

Mar sin féin, má scaoiltear amach as an ábhar sin í agus má théann sí isteach sna scamhóga is féidir léi an-dochar a dhéanamh do shláinte duine.

Ní úsáidtear aispeist in ábhar tógála níos mó ach tá sí fós i bhfoirgnimh a tógadh roimh na 1990idí.

Tá Comhairle Cathrach Phort Láirge ag iarraidh ar dhaoine sa Tigh Corr a chinntiú nach dtugann siad aon smionagar ón dóiteán isteach ina dtithe, agus go háirithe gan aon smionagar a shuaitheadh ós é sin a sceitheann aispeist san aer.

Rinneadh damáiste millteanach don tseanmhonarcha agus do leathchéad gnóthas agus seirbhís mar gheall ar an dóiteán nach fios fós cad ba shiocair leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ