Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ardú 50% ar líon fógraí imeachta a tugadh do thionóntaí

14 MAY 2026, 10:55

Figiúirí nua maidir leis an earnáil cíosa ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe
X Facebook

Tá ardú de 50% tagtha ar an líon fógraí imeachtaí atá tugtha ag tiarnaí talún do thionóntaí sa chéad ráithe den bhliain i gcomparáid leis na trí mhí chéanna anuraidh.

Léiríonn figiúirí nua ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe gur eisíodh 7,062 fógra imeachta sa chéad ráithe de 2026 le hais 4,693 in 2025.

Rialacha nua cíosa ar tháinig feidhm leo ar an 1 Márta is cúis leis ardú suntasach seo, is cosúil.

De réir na rialacha sin, mura bhfuil aon duine ina chónaí in áit atá ar fáil ar cíos tá cead ag an tiarna talún an cíos atá sé a iarraidh a ardú de réir an mhargaidh.

Is ardú de 2% ar a mhéad atá ceadaithe i gcás áiteanna a bhfuil daoine ina gcónaí iontu cheana.

Ina cheann sin, caithfidh tiarnaí talún léas sé bliana ar a laghad a thabhairt do thionóntaí nua.

Dúirt an Rialtas ag an am gur lena raibh ann de sholáthar tithíochta sa Stát a mhéadú an cuspóir a bhí leis na rialacha nua.

Mhaígh an freasúra, áfach, nach dtiocfadh as na rialacha nua ach ardú as míosúr ar chíos.

I bpáirt leis na tiarnaí talún de, dúirt siadsan go bhfágfadh go leor díobh an earnáil cíosa de bhíthin na rialacha nua.

De réir na bhfigiúirí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe, más ea, bhí ardú de 1.3% ar an líon tiarnaí talún ó anuraidh agus ardú de 1.4% ar an líon tionóntachtaí príobháideacha.

Léiríonn na figiúirí freisin cé go raibh ardú ar an líon fógraí imeachta i mí Eanáir agus i mí Feabhra i mbliana gur thosaigh siad ag ísliú i mí an Mhárta.

Is ar an mbonn go raibh rún ag an tiarna talún an áit chónaithe a dhíol a eisíodh 60% de na fógraí imeachta.

Mar le rátaí cíosa, €1,755 sa mhí is ea an méan náisiúnta, ar ardú de 5% ó anuraidh é sin.

Is airde an cíos i mBaile Átha Cilath ná aon áit eile, mar atá, €2,322 ar an meán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ