Tá toscairí Fhianna Fáil bailithe i mBaile Átha Cliath tráthnóna agus an páirtí ar tí tús a chur lena Ard Fheis bhliantúil.
Bliain speisialta ar ndóigh í seo do Fhianna Fáil, céad bliain is an lá amárach a bunaíodh an páirtí in amharclann La Scala i mBaile Átha Cliath.
Ba mhaith tréan láidir páirtí Eamon de Valera tráth agus is iomaí sin bliain a chaith sé i mbun rialtais beag beann ar aon pháirtí eile.
Ar ndóigh Comhrialtais ar fad de chineál amháin nó cineál eile atá feicthe sa tír againn anois le breis is 2 scór bliain.
Agus bíodh is go raibh an páirtí in umar na haimléise i ndiaidh an olltoghcháin i 2011, tháinig sé ar ais chuige féin arís sna blianta a lean agus is é anois arís é an páirtí is mó i nDáil Éireann.
Seo é 84ú Ard Fheis an pháirtí agus beidh breis is 100 rún á bplé aige i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Tabharfaidh ceannaire an pháirtí, An Taoiseach Micheál Martin príomh-óráid na hArd Fheise tráthnóna amárach.


