Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tacaíocht airgeadais fógraithe dóibh siúd buailte ag tine i Tycor

15 MAY 2026, 16:55

An tine i Tycor Dé Sathairn seo caite
X Facebook

Tá tacaíocht airgeadais fógraithe ag an Rialtas do ghnólachtaí atá thíos leis an tine i gcathair Phort Láirge a tharla an deireadh seachtaine seo caite.

Suas le 40 ionad gnó i dteannta ghrupaí pobail agus fiontair shóisialta a chaill amach go tubaisteach nuair a dódh a n-áitribh i lárionad Tycor.

Ceadaíodh an scéim seo ag cruinniú Rialtais ar maidin.

€750,000 ar fad atá i gceist leis an bpacáiste cúitimh, suas le €30,000 ar an meán d'íocaíochtaí aonuaire do gach ionad.

Déanfaidh an t-údarás áitiúil measúnú ar na híocaíochtaí seo i gcomhar le plean aisghabhála na ngnónna atá i gceist.

Tá an Rialtas freisin ag breathnú ar thacaíochtaí iasachta ar leith a fhorbairt do ghnónna agus eagraíochtaí a buaileadh de bharr na tine seo.