Tá 85 trá ar fud na tíre agus naoi muiríne a bhfuil Brat Gorm faighte acu i mbliana.
Den chéad uair riamh bronnadh an gradam aitheanta comhshaoil ar bhád turasóireachta i gContae Chiarraí, an 'Skellig Bounty'.
Contae Chiarraí a fuair a líon is mó, 16 brat gorm ar fad.
Baineann an brat le séasúr snámha na bliana seo a ritheann ón 1ú Meitheamh go 15ú Meán Fómhair.
Bronnadh an gradam aitheanta comhshaoil ar Thrá Dhún Canann i Loch Garman den chéad uair le 19 bliain.
Theip ar 16 trá áfach An Brat Gorm a choimead i mbliana.
Is iad sin:
An Leacht i gContae an Chláir
Baile Mhontáin i gContae Chorcaí
Port an tSalainn i nDún na nGall
Trá na hAirde Móire agus Trá an Chomhairleora sa Dún Mór i bPort Láirge
Trá Bhaile Mhuine i Loch Garman


