Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cainteanna réitigh don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna

18 MAY 2026, 16:28

Míshástacht i measc na seirbhíse agus iad ag lorg arduithe pá
X Facebook

Tá cainteanna ar bun sa Chúirt Oibreachais féachaint le réiteach a fháil ar an aighneas faoi chúrsaí pá sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna.

Tá an stailc 2 lá a bhí beartaithe do amárach curtha ar atráth anois go bhfeicfear cén toradh a bheidh ar na cainteanna seo.

Leanann an obair de réir rialach atá ar bun ag baill de cheardchumainn UNITE agus SIPTU i gcónaí.

Tá an bhagairt stailce 72 uair a chloig don tseachtain seo chugainn fós ann freisin.

I láthair ag na cainteanna inniu tá an 2 cheardchumann chomh maith le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

Tá an dá thaobh ag cur an mhilleáin ar a chéile faoi nach bhfuil aon réiteach ar aighneas seo.

Deir SIPTU agus UNITE nár chuir an HSE i bhfeidhm moltaí a cuireadh le chéile maidir le hardú pá do na baill as na freagrachtaí breise a deirtear atá buailte orthu i gcaitheamh na mblianta.

Deir an HSE gur dhiúltaigh ceardchumainn dá mholtaí roimhe seo a thabharfadh ardú pá do fhostaithe.