Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Imní faoin Ebola i bPoblacht an Chongó

18 MAY 2026, 09:58

80 ar a laghad básaithe sa Chongó de bharr an víris
X Facebook

Tá an tslándáil á géarú ar theorainn Ruanda le Poblacht Dhaonlathach an Chongó i bhfianaise na ráige den víreas Ebola.

Tuairiscítear go bhfuil 80 duine ar a laghad básaithe de thoradh an víris sa Chongó, a bhformhór díobh sin i dtuaisceart na poblachta.

Tá suas le 250 cás eile ar a laghad a bhfuiltear ar an eolas fúthu.

Tá imní mhór léirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhféadfadh an ráig seo scaipeadh chuig tíortha sa chomharsanacht agus impleachtaí idirnáisiúnta dá réir a bheith aige sin.