Cuireadh tús go hoifigiúil inniu leis an obair thógála ar mhaithe leis an athchóiriú atá le déanamh ar Aerfort Phort Láirge.
Tá €30m le caitheamh ar an togra agus é beartaithe go mbeidh eitiltí tráchtála isteach agus amach as an aerfort seo in oirdheisceart na tíre.
Cuirfear síneadh breis is 2,000m anois leis an rúidbhealach agus leathnófar é go 45m le go mbeidh sé in acmhainn cúram a dhéanamh do na heitleáin mhóra do phaisinéirí.
Tá sé 10 mbliana anois ó bhí aon seirbhís rialta ann do phaisinéirí ag an aerfort.
Faoi cheann 3 bliana áfach tá sé i gceist go mbeadh 400,000 duine ag dul tríd an aerfort go bliantúil.


