Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Stailc eile geallta ag oibrithe poiblí seachtain ó Déardaoin

02 NOVEMBER 2026, 14:32

Thug 300,000 lucht oibre san earnáil phoiblí faoi stailc an mhí seo caite
X Facebook

Tá plean fógartha ag ceardchumainn san earnáil phoiblí a ghabháil amach arís ar stailc ar feadh 24 uair a chloig Déardaoin an 12ú Samhain de bharr mhoill an Rialtais a deir siad a theacht ar chomhréiteach nua pá.

Tar éis chruinniú inniu den Choiste Seirbhísí Poiblí i gComhdháil na gCeardchumann an ICTU dúirt siad "nach raibh tairiscint iontaofa" déanta go fóill ag an Rialtas leis an aighneas a réiteach.

Cuireadh na comhráití a bhí ar bun idir na ceardchumainn agus ionadaithe an Rialtais ar athló Dé hAoine seo caite gan réiteach a bheith aimsithe ar chomhaontú nua.

Dúirt príomh-idirbheartaí an ICTU Kevin Callinan go raibh go leor feirge ar lucht oibre ach go raibh misneach mór acu leanacht lena gcás.

Bhí sé beartaithe ar dtús a ghabháil ar stailc an athuair Dé Céadaoin an 11ú Samhain ach cuireadh siar go dtí an lá dár gcionn é, tráth a mbeidh sé ag teacht salach ar an gcéad mhórchruinniú de dhá ócáid atá beartaithe ag cinnirí Eorpacha i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn mar chuid d'uachtarántacht na tíre ar an AE.

Nuair a fiafraíodh de Khevin Callinan ar athraíodh an dáta le theacht salach ar an ollchruinniú d'fhreagair sé nárbh shin é ba chúis leis ach gur roghnaíodh an Déardaoin "ar chúinsí lóistíochta".

Strike outside of St Vincent's University Hospital in Dublin

Beidh slógadh mór ag oibrithe san ardchathair agus léirsithe níos lú ar fud na tíre mar chuid den stailc.

Ina dhiaidh deir na ceardchumainn go ngéarófar ar an obair-de réir-rialach atá ar siúl le tamall agus go mbeidh siad ag breithniú beartais eile ina ngníomh tionsclaíoch.

Mar sin féin casfaidh na ceardchumainn amárach a deir siad leis an nGrúpa Neamhspleách atá Ceaptha ag an Rialtas - faoi stiúir chathaoirleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre Kevin Foley - le súil cainteanna a mbeadh tairbhe leo a choinneáil sa tsiúl, rud a bhí iarrtha ag an gCoimisiún nuair a chlis ar na cainteanna deireadh na seachtaine seo caite.

Tá an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers tar éis a rá go bhfuil díomá air nach raibh toradh ar "dhian-chomhráití le 10 lá anuas" ach dúirt sé go bhfuil an Rialtas "ag obair go díograiseach" le socrú pá a bheadh "cóir don lucht oibre" a bhaint amach ach go gcaithfeadh "an tír a bheith in ann a chostas a sheasamh".

Bhí stailc 24 uair a chloig ag 300,000 san earnáil phoiblí an 14ú Deireadh Fómhair, an lá is mó agóide ag oibrithe poiblí le beagnach 20 bliain.

' />