Tá seisear gortaithe agus iad ar fad tugtha go dtí an t-ospidéal de bharr thaisme idir dhá charr i Maigh Eala i gCo Chorcaí.
Díreach tar éis a 10 a chlog aréir a tharla sé ar an N73 gar de Bhaile Uí Shíocháin.
Tá tiománaí cheann de na carranna, fear thart ar 35 bliain d'aois, gortaithe go han-dona.
Ní raibh sa gcarr ach é féin.
Tá tiománaí an chairr eile, fear thart ar 45 bliain d'aois, agus ceathrar paisinéirí tugtha freisin go dtí Ospidéal na hOllscoile Corcaigh ach ceaptar nach bhfuil duine ar bith acu sin i mbaol báis.
Tá an bóthar dúnta ó shin agus an trácht - go háirid leoraithe ag teacht ar an N73 as Baile an Mhistéalaigh - á cur ar an N72 ag Crosbhóthar Sceach na Cille in aice le Cill an Mhuilinn agus as sin go Mainistir Fhear Maí nó Maigh Eala a deir na Gardaí.
Tá siad ag lorg éinne a deir siad a bhfuil aon eolas acu faoin timpiste, daoine go speisialta a bhí ag taisteal sa gceantar ag an am agus a bhfuil físeán cairr acu.
Iarrtar ar an bpobal a ghabháil i dteagmháil le Beairic Mhaigh Eala ag (022) 31450 nó leis an Líne Rúnda 1800 666 111.


