Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Príosún ar 'Jihadi' a sháigh Garda agus a las teach tábhairne

02 NOVEMBER 2026, 17:27

An t-ionsaí anuraidh i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Tá 6 bliana go leith príosúin gearrtha ar fhear 24 bliain d'aois a thugann 'Jihadi Salaifeach' air féin as Garda a shá agus as teach tábhairne an Black Forge a chur tré thine i 2 ionsaí éagsúla sceimhlitheoireachta in imeacht 4 lá anuraidh.

The Black Forge pub
An teach tábhairne atá ag Conor McGregor

Gearradh freisin 4 bliana faoi mhaoirseacht tar éis é a bheith scaoilte saor as an bpríosún ar Abdullah Khan, nach féidir a sheoladh a fhoilsiú de bharr ordú cúirte, tar éis dó pléadáil ciontach in 8 gcúis a bhí curtha ina leith a bhain leis na hionsaithe mí Iúil anuraidh.

D'admhaigh sé gur duine de lucht leanúna ISIS a bhí ann agus d'admhaigh sé gur thug sé ruathar faoi Ghardaí agus gur las sé teach tábhairne le "fainic a chur ar an Rialtas agus ar an tábhairneoir Conor McGregor gan Mahamad an Fáidh a mhaslú".

Dúirt sé gur gríosaíodh chun gnímh é le sampla bhunaitheoir ISIS Abu Musab Al-Zarqawi a leanacht agus dúirt sé gur Jihadi a bhí ann ó chuir sé spéis sa ngluaiseacht sin nuair a bhí sé thart ar 19 nó 20.

Dúirt sé go raibh Mahamad an Fáidh maslaithe "ag leithéid McGregor agus radacaigh eile de chuid na hEite Deise" agus go raibh "an cead sin faighte ag a leithéid ón Stát".

Sin é an fáth a dúirt sé gur shocraigh sé Garda a ionsaí.

Abdullah Khan pleaded guilty to attempting to burn out Conor McGregor's pub
Físeán d'Abdullah Khan agus é ar tí coirloscadh a dhéanamh ar an Black Forge

Mar chuid de chás an Stáit thug an Cigire Gavin Ross ó Aonad Speisialta na mBleachtairí le fios don Chúirt go raibh fiosrúchán fós ar bun faoi ráitis atá faighte ag na Gardaí ó chomhghleacaithe de chuid Khan.

San ionsaí ag a 6 a chlog tráthnóna an 29ú Iúil 2025 tháinig Khan ar ruathar taobh thiar de bheirt Gharda a bhí ar phatról ar Shráid Chéipil agus thug sé fúthu le scian.

Chosain na Gardaí iad féin lena gcuid bataí agus sprae piobair agus tháinig duine den phobal i gcabhair freisin orthu sular ceansaíodh Abdullah Khan.

Sáthadh duine de na Gardaí ina dheasóg, a lámh cheannasach, agus tá sé fós ag fulaingt le pian tar éis dó a ghabháil faoi chúram máinliachta.

Tá sé fós ag fulaingt ina cholainn agus ina intinn de bharr an ionsaithe a deir sé agus é faoi theiripe leanúnach saothair.

"Ní heol dom a mbeidh mo shaol arís go deo mar a bhí" a dúirt sé.

Is é Abdullah Khan an té is óige i dteaghlach seisear clainne agus níor ciontaíodh cheana riamh é.

Thug a abhcóide Michael Bowman le fios gur in Éirinn a rugadh is a tógadh é agus gur sa tír seo a fuair sé a chuid scoilíochta ach go raibh tréimhsí caite aige sa bPacastáin áit a raibh sé aontraic don chuid is mó.

Tar éis dó filleadh bhí sé in ísle brí, paranóideach, agus ina aonar ar feadh an lae ina sheomra.

D'fhág sé an baile, bhí sé gan dídean agus a mheabhair ina cíor thuathail.

Dúirt an t-abhcóide go raibh Abdullah Khan go mór in aiféala faoin méid a bhí déanta aige.

Mhol an Breitheamh Karen O'Connor gairmiúlacht agus crógacht an bheirt Gharda as a ndualgas a dhéanamh agus seasamh sa mbearna ag cosaint an phobail.

Dúirt sí gur údar díomá é nach bhfuil Abdullah Khan tar éis glacadh le comhairle siceolaíochta agus dá bharr ghearr sí an téarma 4 bliana faoi mhaoirseacht air tar éis dó a théarma príosúin 6 bliana go leith a bheith istigh aige.

' />