Tá dualgas dlíthiúil faoin Acht Teanga ar an státseirbhís agus ar an tseirbhís phoiblí an líon foirne atá acu atá inniúil i nGaeilge a mhéadú le linn earcaíochta le go bainfear sprioc de 20% amach faoin mbliain 2030.
Ach an bhfuil an sprioc sin réadúil agus an bhfuil an státseirbhís agus comhlachtaí poiblí ag déanamh aon iarracht réiteach don sprioc sin?
Tá an t-am ag imeacht agus gan ach 4 bliana fágtha leis an sprioc a bhaint amach.
Gan measúnú á dhéanamh ar gach iarratasóir
Ach de réir eolais atá faighte ag Nuacht TG4/RTÉ níl sé beartaithe faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí - an phríomh-eagraíocht a chuireann seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe ar fáil don státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí - áireamh a dhéanamh ar chumas Gaeilge gach iarrthóir a chuireann isteach ar a gcuid comórtais earcaíochta.
Dheimhnigh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí - Public Jobs mar a thugtar go coitianta air - do Nuacht TG4/RTÉ gurbh é an cleachtas reatha atá acu measúnú a dhéanamh ar chumas teanga na ndaoine a dhéanann iarratas ar phoist a bhfuil cáilíocht Ghaeilge luaite leo mar riachtanas, nó daoine a thugann le fios go bhfuil Gaeilge acu agus gur mhian leo féin tabhairt faoi thástáil deonach sa teanga.
Fágann sin nach bhfuil aon sonraí nó eolas ag Public Jobs faoi chumas teanga formhór mór na foirne a cheapann siad i ranna agus in oifigí stáit na tíre.
Figiúirí Úra
De réir na bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do Nuacht TG4/RTÉ d'earcaigh Public Jobs thart ar 12,300 duine do phoist stáit sa tréimhse 18 mí idir tús na bliana 2025 agus lár na bliana seo.
Le linn an ama sin ceapadh 87 duine do phoist a raibh riachtanais Ghaeilge luaite leo, cuid acu ó chomórtais a reachtáileadh roimhe sin.
Cuireadh tástáil teanga ar 396 duine san 18 mí agus tá 49 acu sin earcaithe go dtí seo.
Fágann na figiúirí is deireanaí sin nach mbailíonn Public Jobs eolas faoi chumas teanga ach ó thart ar 3% d’earcaithe nua ar an meán agus nach bhfuil aon eolas acu faoi chumas teanga an 97% eile.
"Go ginearálta, tá an cur chuige atá againn faoi láthair bunaithe ar iarratasóirí a dhearbhaíonn go bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge agus ar mheasúnú a dhéantar bunaithe air sin. Níl aon phleananna ann faoi láthair go mbeadh ar gach iarratasóir a chuireann isteach ar chomórtais a reáchtálaimid measúnú Gaeilge a dhéanamh" a dúradh le Nuacht TG4/RTÉ.
Dúradh fosta go gcaithfeadh "formhór na n-iarratasóirí a dhearbhaíonn go bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge an scrúdú TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge) nó an féinmheasúnú Europass a dhéanamh, agus a chinntiú go bhfuil leibhéal B2 ar a laghad bainte amach acu sa Ghaeilge de réir an Chreata Eorpaigh Choitinin Tagartha do Theangacha (CEFR).
I gcás comórtas atá ainmnithe go sonrach don Ghaeilge, ní mór d’iarratasóirí gach céim den phróiseas iarratais agus roghnúcháin a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge - an t-agallamh san áireamh - agus déantar measúnú ar a n-inniúlacht sa Ghaeilge le linn an phróisis sin".
Cuireadh dualgas dlíthiúil faoi na leasuithe a rinneadh ar an Acht Teanga 5 bliana ó shin ar an státseirbhís agus ar an tseirbhís phoiblí an líon foirne atá acu atá inniúil i nGaeilge a mhéadú le linn earcaíochta le go bainfear sprioc de 20% amach faoi 2030.
'Leasú' ar an ríomh le sprioc an 20% a aimsiú
Laghdaíodh an dualgas sin nuair a bhí leasú á dhéanamh ar Acht Údarás na Gealtacha níos luaithe i mbliana agus beidh cead anois daoine a fuair ardú céime le linn na bliana agus a bhfuil líofacht Ghaeilge acu a áireamh fosta sa sprioc sin de 20%.
Dá mbeadh an sprioc 20% i bhfeidhm d’earcaithe nua sa tréimhse 18 mí atá i gceist bheadh líofacht Ghaeilge ag leibhéal B2 den chóras TEG ag teastáil ó thart ar 2,500 as an 12,300 a hearcaíodh chuig ranna agus oifigí stáit.
Níl aon phlean ag Public Jobs faoi láthair tástáil teanga a dhéanamh ach ar an chéatadán beag sin a dhéanann iarratas ar phoist le riachtanas Gaeilge nó daoine a iarrann go deonach go ndéanfaí a gcumas teanga a mheas.


