Tá na rialacháin nua atá feidhmithe ag an Aire Dlí is Cirt Jim O'Callaghan ar íocaíochtaí do dhlíodóirí faoin gCóras Cúnamh Dlí i gcásanna coiriúla "éagórach amach is amach" agus "gan aon loighic is léir" tá an ArdChúirt tar é a rialú.
Faoi chóras nua an Aire O'Callaghan tá bun-íocaíocht €520 luaite ag an Roinn do gach duine atá cúisithe, beag beann ar líon na gcúiseamh ina n-aghaidh nó ar an lear uaireannta a bhíonn siad os comhair cúirte, agus tá aighneas leanúnach dá bharr idir an tAire agus dlíodóirí sa gcóras cúnamh dlí coiriúil atá ag cur as go mór do chóras na gcúirteanna le breis is 4 mhí anuas.
Faoin seanchóras bhíodh dlíodóir ag fáil €240 ar an gcéad láithreas cúirte agus €60 ar gach láithreas ina dhiaidh sin.
An dlíodóir coiriúil John Quinn as Baile Átha Cliath a thug dúshlán in athbhreithniú breithiúnach mí Iúil seo caite faoi na rialacháin nua a cuireadh i bhfeidhm an chéad lá den mhí sin agus tá breithiúnas tugtha anois ag an mBreitheamh Mary Rose Gearty san ArdChúirt.
Rialaigh an Breitheamh gur sháraigh an córas nua cumhachtaí an Aire Dlí is Cirt mar gur sháraigh sé an aidhm atá leis an Acht um Chúnamh Dlí Coiriúil "a leagan dualgas ar an Stát córas loighciúil a chur ar fáil".
Tá na rialacháin nua a dúirt sí "gan aon loighic is léir" mar go bhfuil siad gan solúbthacht agus go bhfuil an chontúirt ann go spreagfadh siad mí-úsáid.
Idir an dá linn tá comhráití ar siúl go tréan idir an dá thaobh san aighneas le seachtain agus tá foinsí ar an dá thaobh tar éis a thabhairt le fios go bhfuil údar misnigh ann - pé toradh a bheadh ar athbhreithniú an lae inniu - go mbeidh réiteach go luath ar an achrann.
Ó bunaíodh an scéim nua tharraing mórchuid dlíodóirí coiriúil ar fud na tíre siar ó sheirbhís na gcúirteanna agus cé go bhfuil roinnt tar éis filleadh ar an obair tá go leor fós, go háirid i mBaile Átha Cliath, nach bhfuil.
Nuair a d'fhógair an tAire O'Callaghan an scéim nua thug sé le fios go raibh an t-airgead a bhí an Stát a chaitheamh ar chúnamh dlí coiriúil sa gCúirt Dúiche tar éis níos mó ná dúbailt ó €19 milliún i 2015 go dtí €41 milliún i 2025.


