Tá "obair mhór fós le déanamh" ag RTÉ le leasuithe a chur i bhfeidhm san eagraíocht, a deir Ard-stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst.
Beidh RTÉ i láthair Choiste Oireachtais ar ghnóthaí Meáin tráthnóna le trácht ar chinneadh an Rialtais maoiniú a bhí geallta dóibh a tharraingt siar.
An mhí seo caite, dhearbhaigh an tAire Cumarsáide Patrick O'Donovan go bhfaighidh an craoltóir níos lú de mhaoiniú ná a ceadaíodh sa Bhuiséad, de bharr go bhfuil an tAire míshásta leis an méid dul chun cinn atá déanta ag RTÉ leasuithe a chur i bhfeidhm.
Tá cúraimí an Aire O'Donovan á ndéanamh ag an Aire Peter Burke anois fhad is atá an tAire O'Donovan ag teacht chuige féin ó thinneas.
Beidh an tAire O'Donovan fós ina Aire Rialtais ach gan aon chúraimí air go dtí go bhfillfidh sé ar oifig.
Níos déanaí inniu, déarfaidh Kevin Bakhurst go bhfuil dualgas ar RTÉ leasuithe a chur i bhfeidhm mar chuid den mhaoiniú illbhliantúil Rialtais.
Ina ráiteas don Choiste Oireachtais déarfaidh sé go bhfuil "dualgas ar an eagraíocht freagracht, cur i bhfeidhm agus luach ar airgead a léiriú mar chuid de mhaoiniú poiblí."
Déarfaidh sé leis an Choiste chomh maith go bhfuil "an obair athraithe i bhfad ó bheith críochnaithe."
Ach déarfaidh Feargal Ó Coigligh, Ard-rúnaí na Roinne Cumarsáide, nach bhfuil RTÉ "ag coinneáil suas lena gcuid spriocanna ama féin" agus go rabhthas ag súil go mbeadh "cur i bhfeidhm na straitéis críochnaithe faoin am seo."


