Tá fiosrúchán tosaithe ag Fiosrú, oifig Ombudsman na nGardaí, maidir le curra an ghunna a bhí in úsáid ag an Bhleachtaire Garda Colm Horkan nuair a dúnmharaíodh é.
Dúnmharaíodh an Bleachtaire Horkan sa Chaisleán Riabhach i gCo. Ros Comáin i Meitheamh na bliana 2020 nuair a bhain Stephen Silver a ghuna as an churra a bhí ar iompar ag an Bhleachtaire agus chaith sé roinnt uaireanta é.
Dúirt Fiosrú gur ar iarratas ón Aire Dlí is Cirt Jim O'Callaghan a bhunaigh siad an fiosrúchán.
Dúirt an tAire O'Callaghan gur iarr sé ar Fiosrú, "tabhairt faoi imscrúdú neamhspleách maidir le sábháilteacht agus oiriúnacht an churra gunna a bhí in úsáid ag an Bhleachtaire Garda Colm Horkan" an oíche a dúnmharaíodh é.
Tá teagmháil déanta ag Fiosrú le teaghlach an Bhleachtaire Horkan chomh maith.
Tháinig seo chun solais tráth a bhfuil an Dáil ag plé rúin ón Ghrúpa Teicniúil Neamhspleách ag éileamh go mbunófaí fiosrúchán foirmeálta maidir le nochtuithe cosanta agus le sceithirí.
Sa Dáil ar maidin agus é ag cur an rúin i láthair, dúirt ceannaire an pháirtí Aontú, Peadar Tóibín, go bhfuil "easpa maoirseachta in oifig an Aire i gcroí lár na ceiste," agus go bhfuil "i gcásanna áirithe, dar liomsa, airí ag briseadh an dlí."
Deirtear sa rún go bhfuil ag teip ar an reachtaíocht reatha, cosaint a thabhairt do dhaoine aonair sa tseirbhís phoiblí agus sa Gharda Síochána.
Dúirt an tAire O'Callaghan "nach í seo an chéad uair" aige scríobh chuige Fiosrú faoin ábhar seo.
"Tá mé dóchasach go gcuirfidh an t-iarratas seo uaimse "na freagraí a bhfuil siad ina dteideal" ar fáil "do chlann Horkan agus don phobal" a dúirt sé, ach go measfaidh sé an bhfuil gá le "tuilleadh fiosraithe" má bhíonn ceisteanna fós gan freagairt.


