Tá diúltaithe ag an Cheann Chomhairle do iarratas an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ráiteas pearsanta a dhéanamh sa Dáil faoin bhaint a bhí aige le heagraíocht charthanachta atá á fiosrú ag na Gardaí.
Dúirt Sinn Féin nár cheadaigh an Ceann Comhairle Verona Murphy don iarratas a rinne an Teachta Ó Snodaigh Dé Luain.
Tuigtear do RTÉ gur diúltaíodh don iarratas tráthnóna inniu ar an mbonn nach mbeadh sé cuí de bhrí go bhfuil gnéithe eile a bhaineann leis an chás.
D'iarr an Tánaiste agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris go ndéanfadh an Teachta Ó Snodaigh ráiteas sa Dáil faoin ábhar.
Dúirt Sinn Féin inniu gur diúltaíodh an t-iarratas agus go bhfuil sé i gceist ag Aengus Ó Snodaigh dúshlán an chinnidh sin a thabhairt de bhrí go gcreideann sé "go bhfuil sé tábhachtach ráiteas faoi na fíricí a dhéanamh" i láthair na Dála.
De réir rialacha na Dála, féadfaidh Teachta Dála iarratas a dhéanamh le ráiteas a thabhairt sa Dáil már cheadaíonn an Ceann Comhairle sin.
Is annamh a dhéantar a leithéid de ráiteas, agus cuirtear coinníoll orthu nach gceadaítear anonn is anall nuair a bhíonn an ráiteas déanta.
Tuigtear gur diúltaíodh an t-iarratas de bhrí nach raibh sé ag teacht le horduithe seasta na Dála. Síltear chomh maith go bhfuil baint ag fiosrúchán Gardaí a bheith sa tsiúl faoin eagraíocht charthanachta, leis an chinneadh.
Tá an Teachta Ó Snodaigh ina chathaoirleach ar Liberty Recycling, fiontar sóisialta a bhfuil stádas carthanachta aige agus a dhéanann athchúrsáil ar éadaí.


