Tá sé tugtha le fios ag an nGarda Síochána do Nuacht RTÉ go bhfuil siad ag ullmhú ceistneora faoi láthair maidir le líofacht na Gaeilge i measc bhaill an fhórsa.
Thug siad le fios fosta nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm ag na Gardaí i láthair na huaire le sonraí nó figiúirí oifigiúla a bhailiú faoi líofacht teanga na n-earcaithe nua uilig.
Dúirt an Garda Síochána nach féidir líon iomlán na nGardaí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu a ríomh, bunaithe ar an líon Gardaí a roghnaíodh trí an sruth speisialta do chainteoirí Gaeilge.
Ghlac 1,391 ball nua lena móid dílseachta mar Ghardaí ó thus na bliana 2025 ach níor ceapadh ach ochtar dóibh sin ón sruth speisialta do chainteoirí líofa Gaeilge de réir na bhfigiúirí is deireanaí a chur an Garda Síochána ar fáil do Nuacht RTÉ. Is ionann sin agus beagán le cois leath de 1% den iomlán.
Taobh amuigh den ochtar sin a tháinig tríd an sruth Gaeilge níl aon eolas cinnte de chineál ar bith ar fáil faoi líofacht teanga an 1,383 duine eile a hearcaíodh ó thús na bliana 2025. Dúradh, áfach, go raibh cúigear eile ón sruth Gaeilge fós faoi oiliúint sa Teampall Mór.
Bhí sé beartaithe ag an Gharda Síochána go gceapfaí 10% d'earcaithe nua le Gaeilge líofa tríd an sruth speisialta a bunaíodh de thoradh ar fhiosrúchán a rinne Coimisinéir Teanga an ama sin, Seán Ó Cuirreáin, ar easpa Gardaí a raibh líofacht Ghaeilge acu a bhí lonnaithe i stáisiún Gaeltachta an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair sa bhliain 2012.
Is léir nach bhfuil ag éirí leis na Gardaí an sprioc sin de 10% a bhaint amach nuair atá an earcaíocht reatha tríd an sruth Gaeilge fiche huair níos isle ná sin, ag thart ar leath den 1%.
Ach tá dúshlán nua ag teacht chun cinn don Gharda Síochána. Cuireadh dualgas dlíthiúil faoi na leasuithe a rinneadh ar an Acht Teanga cúig bliana ó shin ar eagraíochtaí stáit, an Garda Síochána san áireamh, an líon foirne atá acu atá inniúil i nGaeilge a mhéadú le linn earcaíochta le go mbainfear sprioc de 20% amach faoi cheann ceithre bliain eile, sa bhliain 2030.
Laghdaíodh an dualgas sin nuair a bhí leasú á dhéanamh ar Acht Údarás na Gealtacha níos luaithe i mbliana agus beidh cead anois daoine a fuair ardú céime le linn na bliana agus a bhfuil líofacht Ghaeilge acu a áireamh fosta sa sprioc sin de 20%.
Dá mbeadh an sprioc sin de 20% i bhfeidhm i gcás na hearcaíochta faoi láthair bheadh 278 duine le Gaeilge líofa le ceapadh as an 1,391 a ceapadh san fhórsa ó thús 2025; sin 278 duine san áit nach heol go cinnte ach gur ceapadh ochtar go dtí seo.
Tá an líon is airde foirne riamh mar bhaill den Gharda Síochána anois agus súil ag na húdaráis ansin go mbeidh 15,000 Garda ina n-iomláine fostaithe sa stát seo faoi cheann cúpla mí.
Níor thug na Gardaí aon fhreagra ar cheist ó Nuacht RTÉ faoin spriocam a bhí acu le go mbeadh fáil ar an cheistneoir nua maidir le líofacht na Gaeilge i measc bhaill an fhórsa. Tá an ceistneoir á fhorbairt faoi láthair, a dúirt siad.


