Níl sé indéanta faoi láthair spriocanna an Rialtais agus an Aontais Eorpaigh a bhaint amach leis an earnáil tarlóireachta a bhogadh chuig feithiclí leictreacha, a deir Cumann Tarlóirí Bóthair na hÉireann.
Deir an Cumann nach bhfuil an bonneagar atá ann le leoraithe leictreacha a luchtú oiriúnach.
Níl ach 54 leoraí trom lastais á rith ar chumhacht leictreach den iomlán de 43,000 atá ar bóthar i láthair na huaire.
Is ionann le 5% de iomlan na bhfeithiclí bóthair na leoraithe troma ar bhóithre an Stáit ach is iad is cúis le 20% de astaíochta iompair bóthair.
Meastar go dtiocfaidh dúbailt ar an éileamh ar fheithiclí lastais idir seo agus an bhliain 2050 agus deir an Roinn Iompair go gcaithfear an earnáil a spreagadh i dtreo feithiclí leictreacha más mian linnár spriocanna aeráide a bhaint amach.
Ach dúirt Uachtarán Chumann Tarlóirí Bóthair na hÉireann Ger Hyland cé go bhfuil an earnáil i bhfábhar an t-aistriú a dhéanamh ón díosal ach caithfidh costaisí teacht anuas agus caithfear níos an gréasán luchtaithe a mhéadú ar dtús.
"Caithfear na veaineanna a bhogadh chuig córais leictreacha ar dtús sula labhróidh muid faoi leoraithe troma," a dúirt sé.
Le bheith réadúil, ní fheiceann muid go dtarlóidh seo go ceann 10 mbliana - níl an gréasán inchurtha leis.


