Tá an milleán curtha ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar dhroch bhainistiú Uisce Éireann ar chórais cóireála fuíolluisce as dochar a dhéanamh don timpeallacht.
Léiríonn an tuairisc nua go raibh 55% de chórais cóireála fuíolluisce ag scaoileadh fuíolluisce amach a bhí faoi bhun chaighdeáin na Gníomhaireachta.
Deirtear sa tuarascáil a bhaineann leis an bhliain 2025 gur bonneagar easnamhach a ba chúis le tuairim is leath chuid na gcásanna agus gur droch fheidhmiú agus droch chothabháil a ba chúis leis an chuid eile.
Chonaic an lucht taighde gur trealamh a bheith ag briseadh, chomh maith le traenáil agus córais oibríochtaí easnamhacha a bheith i bhfeidhm a ba mhinice a chothaigh na fadhdbanna.
Deir an Ghníomhaireacht go bhfuil an líon láithreacha cóireála i bhfad ró-ard agus nach dtáinig an fheabhas ar fiú trácht air ar an scéal ón bhliain roimhe sin.


