Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ronaldo ag éirí as an sacar idirnáisiúnta ag deireadh na míosa

05 NOVEMBER 2026, 11:17

Tá léine uimhir a 7 caite ag Cristiano Ronaldo ó thosaigh sé le foireann na Portaingéile i 2003.
X Facebook

Tá sé fógartha ag Cristiano Ronaldo go mbeidh sé ag fágáil fhoireann na Portaingéile ag deireadh na míosa seo.

D'imir Ronaldo atá 41 bliain d'aois, le foireann na Portaingéile den chéad uair i 2003 agus ó shin tá 234 cluiche imeartha aige agus 146 cúl curtha aige.

I bhfíseán a chuir sé ar na meáin shóisialta dúirt sé go bhfuil an lá tagtha a gcaithfidh sé léine uimhir a 7 a thabhairt arais do fhoireann na Portaingéile.

"Níor mhothaigh mé ariamh gur liomsa amháin an léine, ach ar feadh 23 bliain bhí sé d'onóir agus de fhreagracht orm í a chaitheamh agus í a iompar isteach i staideanna ar fud an domhain mhóir."