Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais cur leis an scéim a chuireann táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil do chailíní scoile ón scoilbhliain 2027/2028.
Go dtí seo is i scoileanna atá sa scéim DEIS Plus a bhí na táirgí ar fáil.
Fógróidh an tAire Oideachais Hildegarde Naughton go mbeidh na táirgí ar fáil do chailíní i ranganna arda na bunscoile, i scoileanna dara leibhéal agus i scoileanna speisialta mar chuid de ghealltanas i gClár an Rialtais.
Cuirfidh an Roinn Oideachais agus Óige maoiniú bliantúil ar fáil do scoileanna le táirgí saor in aisce a cheannacht do chailíní a mbeadh siad de dhith orthu i rith an lae scoile.
Costas na dtáirgí seo a bheith ag dul in airde, agus a thionchar sin ar "bhochtanas in am míostraithe" a ba chúis leis an tionscnamh seo.
Cuirfear treoir agus comhairle faoin dóigh leis an scéim a chur i bhfeidhm, ar fáil do scoileanna i dtús na scoilbhliana seo chugainn.


