Tá sé i gceist ag Coiste na gCuntas Poiblí tuilleadh eolais a iarraidh ar RTÉ maidir le ceapúchán an chraoltóra Ger Gilroy.
Inné dúradh le Coiste Meáin an Oireachtais nach raibh rannóg spóirt RTÉ ar bhealach ar bith sásta le ceapúchán Ger Gilroy de bharr ráitis a rinne sé faoin rannóg spóirt san am a caitheadh.
Chosain RTÉ an ceapúchán agus dhiúltaigh siad den chaint a rinne baill Oireachtais go ndeachaigh an eagraíocht sa tóir ar an chraoltóir in iarracht é a mhealladh isteach.
Ar maidin dúradh ag cruinniú de Choiste na gCuntas Poiblí go bhfuil ceisteanna fós gan freagairt maidir le ceapúcháin foirne in RTÉ.
Dúirt an Teachta le Fianna Fáil, Séamus McGrath gur mian leis an Choiste a chloisteáil go soiléir conas mar a tugadh Ger Gilroy isteach san eagraíocht.
Dúirt sé chomh maith go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha fós le freagairt maidir le pleananna RTÉ an fhoireann an chiorrú.
"Caithfidh siad beagán le cois 300 post a chiorrú ó seo go ceann roinnt blianta, ach ceapaim go mbeidh sin an, an-deacair a dhéanamh," a dúirt an Teachta McGrath.
D'fhiafraigh sé an raibh samplaí eile ann de dhaoine a tugadh isteach in RTÉ ón taobh amuigh.
Freagraí RTÉ "ag teacht salach ar fhreagraí roimhe seo"
Léirigh an teachta leis na Daonlathaigh Sóisialta, Aidan Farrelly imní chomh maith faoi ráitis a rinne RTÉ i láthair an Choiste.
Dúirt sé go bhfuil freagraí a thug RTÉ don Choiste roimhe seo maidir le hearcú foirne "ag teacht salach go hiomlán ar an méid a tháinig chun solais le cúpla lá."
Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Séamus McCarthy go bhfuil teorainn leis an méid is féidir leis a rá faoi RTÉ sula gceapfar é ina reachtaire ar an eagraíocht.
Dúradh leis an Choiste nach bhfuil feidhm tugtha fós don reachtaíocht le RTÉ a chur faoi chúram an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


