Tá eolas tugtha ag Comhdháil na gCeardchumann maidir leis an stailc a bheidh ag oibrithe san earnáil phoiblí Déardaoin seo chugainn an 12 Samhain.
Murab ionann le stailc mhí Dheireadh Fómhair nuair a chuaigh oibrithe ar picéad ag oifigí agus láithreacha oibre, tá na ceardchumainn ag iarraidh ar dhaoine dul ag máirseáil i mórshiúlta ar fud an Stáit.
Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an agóid is mó de 8 mhórshiúl idir meán lae agus an 2pm.
Tuigtear go rachaidh an léirsiú ó Dhroichead Uí Chonaill go dtí Tithe an Rialtais i Sráid Mhuirfean ach níl na socruithe iomlána déanta fós.
Tiocfaidh na hagóidí salach ar ollchruinniú de cheannairí polaitiúla a bheidh anseo mar chuid de Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.
Beidh srianta móra tráchta i bhfeidhm le linn na seachtaine le riar don sraith cruinnithe Eorpacha.
Beidh agóidí eile i gCorcaigh, i Luimneach, i nGaillimh, i Sligeach, i bPort Láirge, i dTulach Mhór agus i Leitir Ceanainn.


