Tá Russell Brand ciontaithe as bean dá lucht leanta a éigniú agus ionsaithe gnéis a dhéanamh ar thriúr ban eile nuair a bhí sé ina fhuirseoir agus phearsa teilifíse sa Bhreatain.
Ocht n-uaire go leith a chaith an giúiré i gcúirt Southwark i mbun a marana sular chinn siad breithiúnas ciontach a thabhairt ar Russell Brand atá 51 bliain d'aois.
Fuarthas neamhchiontach é i dhá chúis eile éignithe agus i gcúis amháin d'iarracht ar ionsaí mígheanasach.
Le linn na trialach a mhair ceithre seachtainí, dúirt na mná gur chuir Russell Brand iachall orthu comhriachtan gnéis de chinéalacha éagsúla a bheith acu leis, cuid acu fá chúpla nóiméad dóibh bualadh leis den chéad uair.
Dúirt Brand go raibh sé sprioc aige caidreamh collaí a bheith aige le 5,000 bean nuair a bhí sé in ard a réime i saol na siamsaíochta sa Bhreatain.
Níor léirigh sé mothúcháin ar bith fhad is bhí an giúiré ag fógairt a mbreithiúnais.
Dúirt an Breitheamh inniu go raibh an cás réitithe go maith agus go mbeidh an éisteacht pianbhreithe ann Dé Luain seo chugainn.
Mhaígh Russell Brand go raibh feachtas ar bun ag na meáin ag iarraidh a léiriú gur foghlaí gnéis a bhí ann agus dúirt sé leis an chúirt go raibh "an comhthoil ghnéis níos tábhachtaí ná an gnéas féin."


