Adhlacach i gContae Luimnigh inniu an t-iarAire Rialtais agus an Feisire Eorpach Gerard Collins.
Toghadh Gerard Collins chun na Dála ar dtús i 1967 do Dháilcheantar Iarthar Luimnigh ar shon pháirtí Fhianna Fáil.
Idir sin agus an bhliain 1997 bhí sé ina Aire Dlí agus Cirt, ina Aire Gnothaí Eachtracha agus ina Aire Poist agus Teileagraif.
Chaith sé deich mbliana ina Fheisire Eorpach idir 1994 agus 2004.
Ag aifreann a shochraide i Mainistir na Féile i gCo. Luimnigh inniu bhailigh iar-Theachtaí Dála agus teachtaí reatha chomh maith lena chairde agus a ghaolta le slán a chur leis.
Bhí an Taoiseach Micheál Martin TD agus an tIar-Thaoiseach Bertie Ahern i láthair, chomh maith le Aide de Camp an Uachtaráin Catherine Connolly.
Dúirt an Taoiseach gur fear é Gerard Collins a bhí i gcónaí ag saothrú ar son leas an phobail ar fad. Dúirt sé freisin go ndearna Gerard Collins mórán oibre ag iarraidh síocháin a chothú i dTuaisceart Éireann.
Ina aitheasc ag an aifreann sochraide thrácht a nia, Michael Collins ar an ghean a bhí ag a uncail d’iarthar Luimnigh agus do na Cealla i gCiarraí theas áit go raibh teach saoire agus bád iascaigh aige.
Thrácht sé chomh maith ar dheisbhéalaíocht Gerard Collins.
Do dhein sé cur síos ar eachtra i 1990 nuair a bhí Gerard ag fágáil chruinniú de cheannairí na hEorpa agus Iar-Phríomh Aire na Breataine Margaret Thatcher lena chois.
Dúirt sé gur chas Margaret Thatcher chuig Gerard agus gur dhúirt; "Collins, d'fhág muid roinnt foirngnimh dheasa agaibh, nach fíor sin?"
Is cosúil gur chas Gerard Collins chuig Margaret Thatcher agus lena mheangadh gáire aitheanta gur dhúirt léi: "Sin de bharr nach raibh sibh in ann iad a thabhairt libh."
88 bliain d'aois a bhí Gerard Collins. Maireann a bhean Hillary.
Cuireadh é i reilig Íde Naofa ina bhaile dúchais i Mainistir na Féile.
Beidh tuairisc faoi shochraid Gerard Collins ar Nuacht RTÉ ag 17:40


