Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ionchoisne faoi bhás Daniel Aruebose curtha ar athló

05 NOVEMBER 2026, 20:27

Thánagthas ar iarsmaí de chnámha Daniel Aruebose i nDomhnach Bat i dtuaisceart Cho. Átha Cliath i Méan Fómhair 2025
X Facebook

Tá an t-ionchoisne maidir le bás an bhuachalla Daniel Aruebose, a bheadh naoi mbiana d'aois an mhí seo chugainn, curtha ar athló de bharr go bhfuil fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoina bhás.

Thánagthas ar iarsmaí de chnámha an linbh ar thalamh bán in aice le Domhnach Bat i dtuaisceart Cho. Átha Cliath i mí Mheán Fómhair anuraidh agus bhunaigh na Gardaí fiosrúchán dúnmharaithe.

Ag tús an ionchoisne i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu, thug an t-eolaí foiréinseach and Dr Gillian Lavelle ó Eolaíocht Fhoiréinseach Éireann, fianaise a léireodh arbh iad Maria Aruebose agus Ciaran Dirrane tuismitheoirí Daniel Aruebose.

Mhínigh an Dr Lavelle gur baineadh leas as trí mhodh éagsúla le DNA an pháiste a scrúdú - próifíl chaighdeánach, próifíl a scrúdaíonn DNA na máthar, agus próifíl a scrúdaíonn DNA an athar.

Dúirt sí go léiríonn torthaí na scrúduithe DNA uilig gurb iad Maria Aruebose agus Ciaran Dirrane tuismitheoirí an ghasúir.

Dúirt an Cróinéir an Dr Myra Cullinane go dtacaíonn na torthaí sin go láidir leis an tuairim gurb iad taisí Daniel Aruebose a fuarthas ar an láthair.

Rinne an Bleachtaire Cigire Sean Early iarratas ansin an t-ionchoisne a chur ar athló ar an bhunús go bhfuil "fiosruithe na nGardaí fós ar bun agus go bhfuil cúiseanna coiriúla á meas."

Chuir an Dr Cullinane an t-ionchoisne siar go dtí mí Bealtaine 2027.

Ní raibh aon duine de chlann ná de ghaolta Daniel Aruebose i láthair inniu.

Bhí an dlíodóir Martin O'Donnell ann thar cheann Marie Aruebose.

Bhí bás agus adhlacadh Daniel Aruebose faoi cheilt go dtí gur fhiosraigh an Roinn Coimirce Sóisialaí cá raibh sé nuair a chonacthas go raibh liúntais leasa shóisialaí a bhain leis an ghasúr á n-éileamh.

Chuir an Roinn an foras cosanta leanaí agus teaghlaigh Tusla ar an eolas agus rinne siadsan teagmháil leis na Gardaí ar an 29 Lúnasa 2025.