Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Corp faighte le linn cuardaigh do bhean atá ar iarraidh

09 NOVEMBER 2026, 19:56

Corp faighte i Loch Éirne
X Facebook

Thángthas ar chorp mná inniu i Loch Éirne i gContae Fhear Manach.

Is ansin atá cuardach ar bun faoi láthair do bhean ó Chontae Luimnigh atá ar iarraidh ón mhí seo caite.

Níl an corp aitheanta go foirmiúil go fóill.

Dúirt Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) i ráiteas go mba foireann chuardaigh speisialta dá chuid a d'aimsigh an corp níos túisce inniu.

Ón 29 Deireadh Fómhair tá cuardach ar bun ag an PSNI don bhean seo as Contae Luimnigh, Carrie Mullane (39).

Creideann na póilíní gur dúnmharaíodh an mháthair ceathrar clainne go gairid tar éis di teacht go hInis Ceithleann suas le mí ó shin.

'Ach caithfimid an próiseas aitheantais foirmiúil a chur i gcrích anois, rud a thogfaidh tamaill is baolach; a thug an PSNI le fios.

Tá na poilíní ag iarraidh ar éinne a bhfuil eolas acu faoinar tharla do Charrie Mullane dul i dteagmháil leo.

Tá beirt á gceistiú acu faoi láthair.

I rith an deireadh seachtaine tugadh fear 35 bliain d'aois os comhair cúirte agus é cúisithe i ndúnmharú na mná.