Tá tairiscint nua pá de 10.5% déanta ag an Rialtas le súil is go dtarraingeoidh ceardchumainn san earnáil phoiblí siar a mbagairt stailce ar an Déardaoin.
Stailc 24 uair a' chloig atá á beartú ar an lá a bhfuil an teacht le chéile is mó riamh i stair an Stáit de cheannairí idirnáisiúnta.
Dhiúltaigh na ceardchumainn roimhe seo do thairiscint eile ón Rialtas de 7.75% thar thréimhse dhá bhliain go leith.
Tháinig deireadh leis an gcomhaontú pá deiridh i mí an Mheithimh seo caite.
Ardú 10.25% thar thréimhse dhá bhliain go leith a bhí sa chomhaontú sin.
Tagann an tairiscint is déanaí seo agus ráiteas tugtha ag Leas-Ard-Rúnaí Fórsa, Katie Morgan, go gcaithfear leanúint leis na pleananna don stailc Déardaoin seo chugainn.
In áit na bpicéad ar láithreacha oibre tá na ceardchumainn ag iarraidh ar bhaill bailiú le chéile do mhórshiúlta ar fud na tíre.
Beidh ocht gcinn ar siúl idir meán lae agus a 2 a chlog, agus an ceann is mó acu ar siúl i mBaile Átha Cliath.
Beidh na léirsithe ar siúl ag an am céanna le cruinniú mór de cheannairí an domhain sa phríomhchathair, mar chuid d'Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.
Muna mbíonn réiteach ar an gcruachás beidh oibrithe ag máirseáil ó Shráid Uí Chonaill go dtí Tithe an Rialtais i mBaile Átha Cliath tráth a mbeidh bóithre dúnta go forleathan agus srianta tráchta i bhfeidhm mar gheall ar an gCruinniú Mullaigh Eorpach.
Beidh na léirsithe eile ar siúl i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh, Port Láirge, Sligeach, An Tulach Mhór agus Leitir Ceanainn.
Níos luaithe, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go bhfuil "tairiscint an-chothrom" curtha chun cinn ag an Rialtas.
Dúirt sé go gcomhlíonann an tairiscint nua na critéir ar fad atá ag na ceardchumainn.
Mar sin féin tuigtear go bhfuil imní léirithe ag na ceardchumainn maidir le sonraí agus fad an chomhaontaithe nua seo.


