Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ceannairí Eorpacha tagtha go hÉireann

11 NOVEMBER 2026, 19:16

Taoiseach Míchéal Ó Mairtín agus An tUachtarán Zelensky
X Facebook

Ceannairí Eorpacha tagtha go hÉireann le haghaidh cruinnithe mullaigh sa phríomchathair. An tUachtarán Zelensky ina measc.

Ceannaírí ó thart ar chaoga tír a bheidh in Éirinn thar an chéad dhá lé eile do chruinnithe ard-léibhéil. Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Aeradróm Mhic Easmainn atá in úsaid do na ceannairí. Tá bóithre idir an dá áit sin agus lár na príomhchathrach le dúnadh ag amanna áirithe fad atá na ceannairí á n-usáid.

Thuirling eitileán an Uachtaráin Volodymyr Zelensky tamall ó shin agus ina dhiadh sin rinne sé ar Thithe an Rialtais áit ar chas sé ar an Taoiseach Míchéal Ó Mairtín. Fad a bheidh an tUachtarán in Éirinn casfaidh sé ar thoscairí Stáit Aonthaithe Mheiricéa Jared Kushner agus Steve Witkoff agus iarrachtaí ar bun deireadh a chur cogadh na Rúise ar an Úcráin.

Roimhe sin casfaidh an bheirt toscairí ar Uachtaráin na Rúise Valdimir Putin I Moscó amárach

Idir seo agus an Aóine beidh críos dianshlándála I bhfeidhim sa phríomhchathair, timpeall ar an Ionad Chomhdhála Náisiúnta, láthair na gcruinnithe móra, agus freisintimpeall ar an nGailearaí Náisiúnta ar Chearnóg Mhuirfean.

Tá srianta tráchta agus páirceála á gcur i bhfeidhm freisin timpeall ar óstáin a bhaineann leis na cruinnithe, idir thuaidh agus theas de chathair Bhaile Átha Cliath.