Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ochtar marbh ó thit foirgneamh chun na talún i Nua-Eabhrac

12 NOVEMBER 2026, 18:42

Bhásaigh ochtar nuair a thit foirgneamh chun na talún i Nua-Eabhrac
X Facebook

Bhásaigh ochtar agus gortaíodh 17 duine eile ar a laghad nuair a thit foirgneamh in raibh bloc árasán chun na talún i Nua-Eabhrac sna Stáit Aontaithe.

Foirgneamh trí stór a bhí i gceist a tógadh sna tríochaidí.

an overhead shot of emergency personnel working in the rubble of a collapsed building in new york

Bhí an foirgneamh lonnaithe láimh le láithreán tógála i gceantar Brooklyn sa chathair.

Thit an foirgneamh anuas ar an láithreán tógala timpeall ar a ceathar a chlog inné.

firefighters on turn table ladders over a collapsed building

Tuairiscítear go bhfuil os cionn 17 ar laghad gortaithe agus go bhfuil drochbhail ar chuid acu sin san ospidéal.

Tá fiosrúchán ar bun ag poilíní maidir le cad ba chúis leis an dtubaiste.