Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Coinníodh corp mná ar feadh coicíse sula cuireadh i Loch Éirne é

12 NOVEMBER 2026, 18:42

Carrie Mullane
X Facebook

Chualthas sa chúirt inniu gur coinníodh corp Carrie Mullane as Luimneach, ar feadh coicíse sula cuireadh a corp i bhfolach i Loch Éirne i gContae Fhear Manach.

Tháinig an t-eolas chun solais nuair tugadh fear os comhair na cúirte agus é cúisithe maidir le dúnmharú na mná.

Fuarthas corp Carrie Mullane, máthair clainne, a bhí 39 bliain d'aois, i Loch Éirne Dé Luain.

a photograph of carrie mullane noonan

Tháinig Kenneth Lynch, 31 bliain d'aois, as Páirc Trasna, Inis Ceithilinn os comhair na cúirte ar nasc físe ar maidin.

Tá sé curtha ina leith go ndearna sé eolas a cheilt agus gur thug sé cúnamh do chiontóir.

Tá uncail, Kenneth Lynch, páirtí Carrie Mullane, Michael Lynch, cúisithe cheana féin, i ndúnmharú Carrie Mullane.